Óstán Loch Altan
Tá Óstán Loch Altan suite i sráidbhaile Ghort a’Choirce i gceartlár Ghaeltacht Thír Chonaill idir an fharraige ar thaobh amháin agus faoi scáth an Eargail agus na Mucaise ar an taobh eile. Faigheann an tÓstán a ainm ó loch beag álainn atá neadaithe ag bun an Eargail, an sliabh is airde i dTír Chonaill. Sa cheantar seo is í an Ghaeilge gnáth theanga labhartha na ndaoine – ceantar ina bhfuil ceol, amhráin agus damhsaí traidisiúnta á gcleachtadh go nádúrtha ann.
Tugtar tús áite don Ghaeilge san óstán i gcónaí ach is cuma cén teanga a labhraíonn na haíonna agus na cuairteoirí cuirfidh foireann an óstáin fáilte faoi leith rompu go léir. Cuirtear béim an-láidir fosta ar gach gné den chultúr Gaelach idir seanchas, ceol, amhranaíocht agus damhsa.
An tSean Bheairic
Tógadh an foirgneamh dhá urlár seo i dtús báire sa bhliain 1890 mar Bheairic Péas an Fháil Charraigh. Mhair sé mar sin go dtí gur haistríodh anonn chuig na Gardaí Síochána é sa bhliain 1920. Tá taispeántas buan de stair agus cultúr na beairice le feiceáil taobh istigh d’Ionad na gCuairteoirí, rud a chuidíonn go mór le saoithiúlacht agus fíréantacht an Ionaid.
Caifé Smailcbhia agus sólaistí blasta chomh maith le réimse leathan de cheapairí agus panini.
- Eolas Turasóireachta Fáilte Ireland
- Beidh eolas faoi iomlán na n-áiteanna spéisiúla in Iarthuaisceart Dhún na nGall gurb fhiú cuairt a thabhairt orthu ar fáil san Ionad Eolais Turasóireachta chomh maith le sonraí na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ar fud an cheantair.
- Siopa Ceardaíochta
- Cuirfidh potairí, fíodóirí, déantóirí lása, cniotálaithe agus ealaíontóirí áitiúla a gcuid saothar agus uirlisí oibre ar taispeántas san ionad. Beidh a gcuid earraí ar díol sa siopa ceardaíochta.
- Ionad Oidhreachta Stair an cheantair
- Áiseanna Comhdhála Seomra ar fáil fa choinne cruinnithe / comhdhálacha
- Leabharlann Mar chuid de Leabharlann Dhún na nGall
- Oideachas Ranganna i rith na bliana
Oileán Thoraigh
Más mian leat a dhul go Toraigh ar chósta álainn Dhún na nGall gabh ann le Turasmara Teo. – Donegal Coastal Cruises. Gabh ann ar bord Tor Mór, bád úr farrantóireachta – tógtha 1992. Ceadaithe ag Bord Fáilte agus Roinn na Mara, thig le Tor Mór suas le 72 paisinéir a iompar go compórdach agus go sábháilte. Siúl leat fríd bhaí álainn Ghaoth Dobhair. Amharc ar na hoileáin – Gabhla, Inis Meáin agus Inis Oirthear. Seol linn amach na farraige faoin Da Mór go Cnoc Fola maorga agus ansin ar aghaidh go Toraigh na dTonn. Caith seal ar an oileán. Labhair leis na daoine agus éist leis an Ghaelig bhinn agus fuaimeanna na farraige. Tabhair cuairt ar an Tor Mór, Túr Cholmcille agus Uaigh Bhalor na Súile Neimhe. Déan scíste ag Port an Dúinn agus Camus Mór agus ansin ar aghaidh leat go Machaire Rabhartaigh faoi scath Chorán Binne. www.toryislandferry.com
Cnoc na Naomh
De réir an tseanchais áitiúil, sheas Colmcille ar an chnoc seo – Cnoc na Naomh – lena chomrádaithe Naomh Fionán, Naomh Dubhthach agus Naomh Beaglaoch. Agus iad ina seasamh anseo os cionn Mhachaire Rabhartaigh, phléigh siad cé a bheadh freagrach as muintir Thoraí a thabhairt chun na Críostaíochta. Shocraigh siad ar an scéal a réiteach trína mbachalla a chaitheamh. Ba é an té a chaithfeadh a bhachall chomh fada leis an oileán a bheadh freagrach as iad a thabhairt chun creidimh.
Thit beirt acu go talamh gar don Fhál Carrach, ceann eile ar Inis Dubhthaigh ach tháinig bachall Cholmcille go talamh ar Oileán Thoraí agus b’isean a bhain an gradam muintir an oileáin a thabhairt chun creidimh. Deirtear go ndearna a bhachall cráitéar ar bheanna oirthuaiscirt Thoraí.
Club Gailf Chloichcheannfhaola
Fosclaíodh Club Gailf Chloichcheannfhaola go hoifigiúil in 1996.
Tá muid lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Iarthuaidh Dhún nan Gall díreach ar imeall bhaile bheag an Fhálcarraigh. Tá radharcanna iontach againn agus an cúrsa gailf 9 bpoll suite in estát coille. Tá cosáin siúil galánta agus neart nádúr le feiceáil ar an chúrsa seo. Ma tá an t-ádh ort b’fhéidir go bhfeicfidh tú ceann do na iolair lánúnach a bhíonn ag an chúrsa go minic.
Oileán Inis Bó Finne
Tá Inis Bó Finne suite tuairim is dhá mhile amach ón chósta agus luíonn sé idir Mhachaire Rabhartaigh agus Toraigh. Níl ach 300 acra talaimh ann.
De réir na sean scéalta, chonacthas bó fhionn nuair a nochtadh Inis Bó Finne den chéad uair. De réir na saineolaithe, tá muintearas idir an bhó fhionn seo agus Bóand, an bandia a thug a hainm d’abhainn na Bóinne. Bhí sí pósta le dia uisce, Neachtán, a bhfuil baint aige le Neptumus na Rómhánach.
Ní léir cá huair a chur daoine fúthu ar Inis Bó Finne den chéad uair, ach is cinnte go raibh daoine ina gcónaí i dToraigh agus in Inis Dubhthaigh (oileán beag idir Toraigh agus Inis Bó Finne) le linn Luaithré na Críostaíochta.
Is dócha gur chur manaigh fúthu in Inis Bó Finne fosta, nó ar a laghad gur úsáid said an talamh le barra a shaothrú nó le hainmnithe a chothú.
Constábla Charlie Mac Aoidh
Bhí an Constábla Charlie Mac Aoidh, fear óg as Inis Bó Finne i dTír Chonaill, ar dhuine den chéad mhuintir a maraíodh le linn Eirí Amach na Cásca 1916. 23 bliain d’aois a bhí sé nuair a lámhach na hÓglaigh é i mBaile an Ghéarlánaigh, Co. Lú, ar Luan Cásca. Ar an 11ú Márta i mbliana shiúl baicle daoine, faoi threoir an Dr Lochlainn Mhic a Ghoill, Uachtarán Chumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall, isteach an clochán go hInis Bó Finne, turas nach dtig a dhéanamh ach cúpla uair sa bhliain nuair atá lag trá ann. Thug an staraí an Dr Seosamh Ó Ceallaigh léacht ar an Chonstábla Mhic Aoidh agus mar a tharla sé go raibh fear óg as Inis Bó Finne mar bhall de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann.

Arthur Kingsley Porter
Bhí Arthur Kingsley Porter ina il-mhillúnaí Meiriceánach, Ollamh ar na hEalaíona Uaisle, taistealaí idir-náisiúnta, taighdeoir ar ailtireacht meánaoiseach, údar agus úinéir ar Chaisleán Ghleann Bhéithe. D’imigh sé gan lorg indiaidh oíche a chaitheamh i gcró beag a thóg sé ar Inis Bó Finne, amach ó chósta Dhún na nGall, ar an 8ú Iúil 1933. Ba é an ionchoisne ina dhiaidh a chead cheann in Éirinn gan corp. Deirtear go raibh sé feicithe in áiteacha éagsúla ar fud an domhain ar feadh blianta ina dhiaidh.
Páirc Náisiúnta Gleann Bheatha
Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha á riaradh ag An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus tá sé suite feadh shléibhte Dhoire Bheithe in iarthuaisceart Dhún na nGall. Tá an limistéar 16,000 heicteár seo de shléibhte, portaigh, lochanna agus coillte gearrtha ina dhá chuid ag gleann iontach Ghleann Bheatha as a dtagann ainm na Páirce. Tá beanna an dá shliabh is airde dá bhfuil i nDún na nGall le fáil sa Pháirc, is iad sin an Eargail agus Sliabh Sneachta; tá cnoic bhreátha eile ann freisin, go háirithe an Dubhais agus Cnoc Leahanmore. I dtreo iarthuaisceart na Páirce, faightear aillte oighear-ghreanta Ghleann Nimhe agus an Binn Ghorm, agus, san oirthuaisceart, faightear tírdhreach níos séimhe ina bhfuil cnoic, portaigh dhoimhne agus gleann riascach Abhainn na Caraí.
Tá lochanna de gach mhéid ann ó lochanna beaga sléibhe go lochanna móra maorga ar nós Loch Bheithe a bhfuil iarsmaí scaipthe foraoise thart air, is é sin le rá, an fhoraois a chlúdaigh cuid mhór de Dhún na nGall tráth. Is iad an bheith agus an dair na speicis crainn is tábhachtaí dá bhfuil le fáil sna coillte anseo fós agus is astu a thagann an t-ainm ársa Doire Bheithe.
Tá draíocht ag Ghleann Bheatha ó tharla gur beag tionchar atá ag an duine air agus go bhfuil sé i measc an líon beag áiteanna in Éirinn ina bhfuil sin amhlaidh. Is í aidhm na Páirc Náisiúnta an fiántas sin a chaomhnú ar shlí inar féidir le daoine cuairt a thabhairt ar an bPáirc agus sult a bhaint aisti ach í a fhágáil gan truailliú do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
Cruthaíodh na gairdíní os cionn céad bliain ó shin agus tá iliomad plandaí andúacasacha le fail iontu; tá codarsnacht mhór ann idir uabhreacht na bplandaí sin agus na sléibhte géara thart ar na gairdíní. Cuireadh tús leis an obair ar na gairdíní faoi Bhean Adair agus de thoradh iarrachtaí Henry McIlhenny agus a chuid comhairleoirí, Jim Russell agus Lanning Roper, tá taitneamh ar leith ag baint leo. Tá crainn ghiúise agus ródaideandróin fhiáine ann mar ghaothchosc le go mbeadh ródaideandróin ornáideacha agus plandaí leochaileacha ó áiteanna chomh fada i gcéin leis an tSíle, le Maidéara agus leis an Tasmáin in ann maireachtáil agus méadú, rud a léiríonn an cothú cúramach a fuair said. Tríd is tríd, tá an 11 heicteár leagtha amch mar ghréasán de ghairdíní neamhfhoirmiúla a bhfuil téama difriúil ag gach ceann acu. Is é an t-am is fearr chun na gairdíní a fheiceáil ná an tréimshe Bealtaine/Meitheamh le haghaidh ródaideandrón – no mí Lúnasa tráth a bhíonn an méid is mo dathanna le feiceáil sa bhalla-ghairdín.




