Is é teach ceann tuí traidisiúnta athchóirithe a tógadh san bhliain 1850, agus ina bhfuil an mhórchuid dona gnéithe bunúsach go fóill ann, atá i dTeach Mhicí Mhic Gabhainn. Is é seo an teach inár rugadh Micí Mac Gabhann (1865 – 1948), a bhfuil cuir síos ar scéal a bheatha sa leabhar bheathaisnéise a fóilsiú indiaidh a bháis. Dheachtaigh sé a scéal dona chliamhain, Seán Ó hEochaidh a bhí ag obair do Choimisiún Béaloideas na hÉireann.
Rugadh Micí Mac Gabhann in nDoire Chonaire ar an 22ú Samhain 1865, an triú duine is sine don deichniúr clainne a bhí ag Tómas Mac Gabhann agus Bríd Ní Chanainn. Thosaigh a shaol oibre nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus nuair a fostú é ag Aonach Fostaíochta an Earraigh in Leitir Ceanainn. Chaith sé sé séasúr ag obair ar na feirmithe sa Lagan sula ndeachaigh sé go hAlbain, áit ar oibir sé ar na feirmithe móra sna Mid Lothians. Nuair a bhí sé thart fa naoi mbliana déag d’aois chuaigh sé ar imirice go Stáit Aontaithe Mheiriceá, d’oibir sé ar dtús sna Oibreacha Iarainn i mBethlehem, Pennsylvania agus ansin ag mianadóireacht airgead sna Sléibhte Rocky in Montana. Sa bhliain 1897 chuaigh sé chuig an Órthóraíocht sa Klondike i dtuaisceart Cheanada, áit ar chaith sé dhá bhliain ag mianadóireacht go rathúil d’Ór. D’fhill sé go hÉireann in 1900 agus an bhliain indiaidh sin phós sé Máire Dixon as Mínlaragh. Thóg siad 11 de theaghlach ar an eastát ar an Chaiseal, i nGort a’Choirce a cheannaigh sé leis an saibhreas a rinne sé ag mianadóireacht ór.
Anois thig leatsa cuairt a thabhairt ar an teach inár rugadh Micí Mac Gabhann agus thig leat foghlaim fan saol a bhí faoin tuaith in Éirinn sna 1800aidí. Thig leat amharc ar an scannán a rinneadh sa bhliain 1968, a dhéanann cuir síos ar scéal Mhicí Mhic Gabhann agus dhéanfaidh an treoraí cuir síos ar an saol mar a bhí in óige Mhicí agus í ag tabhairt thart ar an seanteach ceann tuí tú, agus í sásta ceisteanna a fhreagairt.
Tá an teach foscailte le linn an tsamhraidh ar achan Dé Ceadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine ón 10rn – 4.30in, agus foscailte do ghrúpaí le coinne i rith na bliana. Déan teagmháil le Mary ag 0863174260 nó le Noelle ag 0877561787.
Cead isteach: Daoine fásta €3.00, Micléinn agus Seanóirí €2.00, Páistí faoi 12 saor in aisce, Rátaí Speisialta do ghrúpaí.