Is sampla breá é Teach Mhicí Mhic Gabhainn den ailtireacht dúchasach réigiúnach. Baineadh úsáid as ábhair áitiúla agus teicneolaíochta tógála traidisiúnta ina thógála. Is sampla é de theach dhúchasach iontrála-dhíreach le leaba amach (‘caileach’) ar chúl an fhoirgneamh. Tá fianaise ann a thabharfadh chun tuiscint dúinn go raibh sé ina bhóitheach agus teach chónaithe chomhcheangailte.
Tá an díon ina shampla de tuíodóireacht rópa a bhí forleathan sa chuid seo de Chontae Dhún na nGall san am a chuaigh thart. Cuireadh seomra leis an taobh thiar den teallaigh le díon de sean sclátaí. Tuigtear dúinn gur baineadh úsáid as an lofta sa tseomra taobh thiar den teallaigh mar sheomra leapa breise siocar go bhfuil fuinneog bheag sa bhinn.

Tá an fhoirgneamh ina shampla de áitiú leathnaithe siocar gur cuireadh scioból le díon ceann tuí leis an taobh den teach atá ar shiúl ón teallaigh. Tá leathdhoras ar an teach agus fuinneogaí shaise sleamhnáin (2 over 2). Tá gnéithe bunúla éagsúla taobh istigh den teach, mar shampla teallaigh Dhún na nGall, leaba chnaiste taobh leis an teallaigh agus leaba chnaiste dúbailte thuas sa tseomra.
Tá tábhacht cultúra chomh maith le tábhacht ailtireachta ag baint leis an fhoirgneamh seo. Is seo baile Mhicí Mhic Gabhainn, údar Rotha Mór an tSaoil/The Hard Road to Klondike. Déanann Micí aithris sa leabhar ar a chuid eachtraí mar cábóg, sa Lagan agus in Albain, agus mar mianadóir i Meiriceá agus i gCeanada.
Bheireann cuntas Micí léiriú dúinn ar thraidisiún an imirce-amach agus an eisimirce a tharlaigh in Iarrthar Chondae Dhún na nGall, agus tarrnaingíonn sé aird ar thaithí inimirceach cuid mhór de na hÉireannaigh thar lear. Tá cuntas Mhicí (a theafaid Seán O hEochaigh ó Choimisiún Béaloideas na hÉireann)ar cheann de uimhir iontach bheag de chuntais réigiúnda a mhaireann inniu.